
Evertype · ENSTK
An Fhondúireacht: Isaac Asimov's Foundation in Irish - Isaac Asimov
EAN: 9781782010807
Compară ofertele (1)
Prețurile sunt preluate automat din feed-urile magazinelor și pot diferi față de site-ul magazinului. Verifică prețul final la magazin.
Descriere An Fhondúireacht: Isaac Asimov's Foundation in Irish - Isaac Asimov
Áirítear Isaac Asimov, an Dea-Dhochtúir, ar chlasaicigh mhóra an fhicsin eolaíochta. Ba iad na Scéalta Róbataice agus na Scéalta Fondúireachta an dá mhórshraith a tháinig óna pheann bisiúil. Rugadh sa Rúis sa bhliain 1920 é, ach ní raibh ann ach tachrán buachalla nuair a chuaigh an teaghlach ar imirce go dtí na Stáit Aontaithe. Giúdaigh Rúiseacha ab ea a mhuintir, agus ba í an Ghiúdais (canúint Gearmáinise na nGiúdach in Oirthear na hEorpa) a theanga dhúchais. Bhain sé amach céim sa bhithcheimic, agus bhí sé ina Ollamh Cúnta le Bithcheimic in Ollscoil Boston tráth. Ba iad na scéalta ficsin eolaíochta a thabhaigh clú domhanda dó áfach. Fuair sé bás i Nua-Eabhrac sa bhliain 1992 i ndiaidh dó an SEIF a tholgadh ó fhuilaistriú truaillithe. Is é Hari Seldon an matamaiticeoir is mó le rá ar fud Bhealach na Bó Finne, agus é tar éis an mhatamaitic, an tsíceolaíocht agus an scríobh staire a chumasc in aon bhrainse réabhlóideach eolaíochta - an tSíceastaraíocht, a cheadaíos dó todhchaí an chine dhaonna a oibriú amach roimh ré. Is é is toradh dá chuid taighde, áfach, go bhfuil Impireacht na Bó Finne, an impireacht shaibhir shíochánta a chuimsíos an réaltra go léir, le titim as a chéile roimh i bhfad, agus cogaí beaga suaracha idir ríthe cúigiúla agus tiarnaí áitiúla le teacht in áit na sean-bhuansíochána. Caithfidh Seldon Fondúireacht a bhunú ag ceann an réaltra le hoidhreacht na heolaíochta a thabhairt slán trí chéadta bliain na barbarthachta. Tháinig na scéalta faoi Phlean Seldon agus faoin bhFondúireacht i gcló an chéad uair sna 1940idí ar an iris Astounding Science Fiction, agus foilsíodh faoi chlúdach leabhair iad sna 1950idí. Fuair a lán scríbhneoirí ficsin eolaíochta inspioráid ó na scéalta seo ó shin i leith, agus is cuid de dhúshraith an tseánra iad inniu. Mar sin tá sé thar am iad a chur ar fáil as Gaeilge. Scríbhneoir Gaeilge agus aistritheoir gairmiúil ón bhFionlainn é Panu Petteri Höglund a chaith na blianta fada ag déanamh dianstaidéir ar scríbhinní Gaeilge na Gaeltachta idir litríocht agus bhéaloideas. Bhain sé amach céim sa léann Ghearmánach, Pholannach agus Rúiseach ó Åbo Akademi (Ollscoil Sualainnise na Fionlainne), agus chuir sé Fionlainnis ar cheithre leabhar Íoslainnise nuair a bhí sé óg. Tá sé meáite ar lón léitheoireachta a sholáthar do lucht na Gaeilge a shásós na héilimh is airde amuigh. Tháinig ceithre leabhar próis i gcló uaidh cheana féin, mar atá, Sciorrfhocail (2009 - úrscéilín agus scéalta), An Leabhar Nimhe (2012 - gearrscéalta uafái
Detalii
- Brand
- Evertype
- Categorie
- ENSTK
- EAN / GTIN
- 9781782010807
- Magazine
- 1
- Disponibilitate
- in stock
Produse similare

Evertype
Cuairt na Cruinne in Ochtó Lá: Around the World in Eighty Days in Irish - Jules Verne
148,43 RON
libris.ro

Evertype
Harry Potter a me ka Phaku Akeakamai: Harry Potter and the Philosopher's Stone in Hawaiian - J. K. Rowling
148,43 RON
libris.ro

Evertype
Alicia in Terra Mirabili - Editio Bilinguis Latina et Anglica: Alice's Adventures in Wonderland - Latin-English Bilingual Edition - Lewis Carroll
148,43 RON
libris.ro

Evertype
Eriugena: Medieval Irish Philosopher, Poet, and Translator - Eoghan Mac Aogáin
148,43 RON
libris.ro

Evertype
Eachtraí Eilíse i dTír na nIontas - Eagrán Dátheangach Gaeilge-Béarla: Alice's Adventures in Wonderland - Irish-English Bilingual Edition - Lewis Carroll
150,11 RON
libris.ro

Evertype
Nosy Neighbours: Stories in Mennonite Low German and English. Nieschieaje Nohbasch: Jeschichte opp Plautdietsch enn Enjlisch - Jack Thiessen
140,99 RON
libris.ro

Evertype
Neighbours: Stories in Mennonite Low German and English. Nohbasch: Jeschichte Opp Plautdietsch Enn Enjlisch - Jack Thiessen
140,99 RON
libris.ro

Evertype
Tír na Deo: J. M. Barrie's Peter Pan and Wendy in Irish - James Matthew Barrie
140,99 RON
libris.ro
